Céim 1: Cruthaigh é
Cad atá ann?
Úsáid straoiseoga splancála sona agus brónacha go mbeidh do mhothúcháin feiceálach.

Conas a oibríonn sé
- Amhail Tionscadal an tSuaitheantais mhothúcháin, taispeánann an ríomhchlár seo íomhánna de mhothúcháin éagsúla ar aschur scáileáin an LED, ag brath ar an gcnaipe ionchuir a bhrúnn tú.
- Má chuirtear sraith de threoracha ar lúb is féidir leo a bheith ag rith go deo, ach anseo, úsáidtear lúb uimhrithe leis an íomhá a splancadh ceithre huaire ionas go mbeidh sé an-fheiceálach.
- Is cuid thábhachtach den ríomhchlárú iad lúba de bhrí nach gá an cód céanna a ath-léiriú a lán uaireanta agus mar sin, is éifeachtaí a bhíonn do ríomhchlár. Tugtar atriall ar an smaoineamh seo freisin.
Cad a theastaíonn uait
- micro:bit (nó ionsamhlóir MakeCode)
- MakeCode nó Python editor
- paca cadhnraí (roghnach)
Céim 2: Códaigh é
Céim 3: Feabhsaigh é
- Splanc an suaitheantas níos mó uaireanta trí uimhir 4 a mhéadú.
- Déan an splancadh níos tapa nó níos moille tríd an aga moille de 200 milleasoicind (0.2 soicind) a athrú.
- Tabhair air splancadh go deo.
- Úsáid íomhánna de mhothúcháin dhifriúla, nó tarraing do chinn féin.
This content is published under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 4.0 International (CC BY-SA 4.0) licence.