Skip to content

Gníomhaíocht

Aláram lasc brú

Ardleibhéal | MakeCode, Python | Fuaim, Pionnaí, Raidió, Scáileán LED | Braiteoirí, Ionchur/aschur, Leictreachas, Leictreonaic, Rogha, Tonnta raidió

Céim 1: Cruthaigh é

Cad atá ann?

Cruthaigh aláram ionraidh gan sreang a thabharfaidh rabhadh duit nuair a sheasann duine éigin ar an mbraiteoir brú a rinneadh sa bhaile.

micro:bit an bhraiteora le pionna 0 ceangailte le pillín scragaill amháin, pionna GND ceangailte le ceann eile. Píosa cairtchláir le fillteacha scragaill a cheanglaíonn an dá phillín scragaill nuair a shiúlann duine air.

Conas a oibríonn sé

  • Splanc ríomhchlár an bhraiteora chuig an micro:bit.
  • Déan lasc ionchuir brú as cairtchlár agus scragall stáin mar atá sa phictiúr. Fill é agus cuir thíos faoi bhrat urláir nó faoi chairpéad é. Seans go mbeadh ort roinnt cúr a chur leis chun gach taobh a choinneáil scartha. Ceangail an dá phillín scragaill ar thaobh amháin le pionnaí 0 agus le GND ar micro:bit an bhraiteora. Nuair a sheasann tú air, dúnann an scragall ar bharr ciorcad leictreach, agus seolann sé teachtaireacht raidió 'ionróir'.
  • Splanc ríomhchlár an aláraim chuig an micro:bit eile (an t-aláram) agus ceangail dordánaí nó callaire le pionna 0 agus le GND má tá ceann agat. Nuair a fhaigheann sé an teachtaireacht 'ionróir', taispeánann sé straoiseog fheargach ar scáileán an LED agus seinntear fuaim aláraim inchloiste. Brúigh cnaipe A chun an scáileán a ghlanadh.

Cad a theastaíonn uait

  • dhá micro:bit agus ar a laghad paca cadhnraí amháin
  • 2 chábla fáiscín crogaill
  • scragall stáin, píosaí cairtchláir, gliú, siosúr, cúr
  • dordánaí, callaire aimplithe nó cluasáin (roghnach) agus 2 chábla fáiscín crogaill

Céim 2: Códaigh é

Braiteoir / tarchuradóir:

1from microbit import *
2import radio
3radio.config(group=34)
4radio.on()
5
6while True:
7    if pin0.is_touched():
8        radio.send('intruder')
9

Aláram / glacadóir:

1from microbit import *
2import music
3import radio
4radio.config(group=34)
5radio.on()
6
7while True:
8    message = radio.receive()
9    if message:
10        if message == 'intruder':
11            display.show(Image.ANGRY)
12            music.play(music.BADDY)
13    if button_a.was_pressed():
14        display.clear()
15

Céim 3: Feabhsaigh é

  • Cuir roinnt braiteoirí leis le gach ceann ag seoladh a theachtaireacht féin, m.sh. 'seomra1', 'seomra2' agus socraigh an t-aláram go dtaispeánfaidh sé an áit a bhfuil an t-ionróir.
  • Bain triail as dearaí éagsúla don lasc brú. Mar shampla, cuir pillín cúir isteach ann má spreagtar é go héasca.
  • D'fhéadfá aláram báistí a chruthú ag úsáid dhá phillín scragaill an-chóngarach dá chéile - má éiríonn siad fliuch, spreagfaidh siad an t-aláram. Cinntigh nach n-éiríonn an micro:bit fliuch, áfach!